Discover more books to read

12 must-read Irish-language children's books for Seachtain na Gaeilge 2026

Léigh Leabhar Gaeilge is a new guide to Irish language books for children and teens of all ages.

To celebrate Seachtain na Gaeilge, the annual festival to promote the Irish language and culture (1st–17th March), we've highlighted 12 brilliant books from the reading guide, including stories for the littlest learners and novels for more confident readers.

Give Gaeilge a go this month!

Leigh Leabhar Gaeilge 2026

About Léigh Leabhar Gaeilge

Léigh Leabhar Gaeilge is a collaborative project between Children's Books Ireland and Foras na Gaeilge, supported by the Love Leabhar Gaeilge initiative.

It's filled with 100 brilliant recommendations – from board books to picture books, non-fiction to poetry collections, comics and middle-grade fiction to young adult fiction – encouraging young readers and language learners from 0–18 years to pick up a book and give Gaeilge a go!

Whether they're growing up speaking Irish at home or are learning through the language at school, or maybe you'd just like to read more as Gaeilge – it's never too early or too late to lose yourself in a leabhar Gaeilge and there's a book for everyone here to enjoy!

The reading guide is available now in participating bookshops and libraries across the island of Ireland, and can be downloaded for free from the Children's Books Ireland website.

Download the guide


Find a bookshop near you

Nano agus na Dathanna by Cáit agus Ando (0–4)

Fágann Nano slán ag an bhfaoileán cois cuain sula dtéann sé ag taisteal faoin bhfarraige agus é ag féachaint ar na dathanna geala spleodracha atá ar na créatúir áille faoin uisce. Níl ach focal amháin ar an gcuid is mó de na leathanaigh, rud a chiallaíonn go seasann na léaráidí amach don léitheoir óg. Tá simplíocht álainn ag baint leis an leabhar seo agus leis an tsraith ina iomláine.

Nano travels underwater to admire the various colours of the fish in this board book. Part of a series.

Nell agus Joe i dTeach Mhamó by Sadhbh Rosenstock and illustrated by Ciara Ní Dhuinn (0–4, 5–7)

Tá Nell agus Joe le fanacht thar oíche i dteach Mhamó ach tagann amhras orthu gan Mamaí. Tá gach leathanach lán le grá an teaghlaigh agus tá sé scríofa i nGaeilge shoiléir bheacht le léaráidí gleoite. Bainfidh páistí óga taitneamh as breathnú ar thithe na gcoiníní faoin talamh. Tá an ceol lárnach ann: déanann gach carachtar iarracht amhrán codlata Mhamaí a chanadh ar bhealach difriúil!

Nell and Joe become nervous at Mamó's house when they realise Mamaí won't be staying with them.

Oíche Mhaith, a Ghrá! by Sadhbh Devlin and illustrated by Brian Fitzgerald (2–4, 5–7)

Scéilín gleoite faoin dúshlán a bhaineann le páistí a shocrú síos chun codladh. Aithneoidh gach tuismitheoir an leanbh nach bhfuil réidh nuair atá am luí tagtha. Leabhar é seo a chuirfeadh go mór le gnátham codlata do pháistí óga. Tá rím álainn simplí sa scéal agus cnaipí fuaime ann le gur féidir éisteacht leis an scéal chomh maith len é a léamh.

This rhyming sound book follows a mother trying to get her child to bed – a challenge every adult will recognise!

Coiscéim, Coiscéimín by Claire M. Dunne and illustrated by Anita Foley (2–4, 5–7)

Nuair a sciobann Laoise Luch blúirí cáise as málaí siopadóireachta, bíonn sí ag iarraidh an cháis is fearr a fháil dá bialann. Faraor, bíonn sé deacair an cháis a aithint ón ngallúnach. Cuma an-bhlasta air ach cuma céard a chuireann Laoise leis, ní féidir léi an sobalbhlas uafásach a cheilt. Scéal spraíúil snasta álainn é seo – bainfidh idir thuismitheoirí agus pháistí sult agus spraoi as.

Laoise runs a cheese restaurant for her fellow mice, but runs into trouble when she mistakes soap for a new variety of cheese.

Suas sa Spéir / Height for Hire by Tatyana Feeney (2–4, 5–7)

Cairdeas neamhghách agus réiteach neamhghnách ar fhadhb curtha in iúl ag léaráidí draíochtúla a osclóidh doras na samhlaíochta do gach léitheoir idir óg agus aosta. Sa phictiúrleabhar gleoite seo gan focail feicimid sioráf ag breathnú go fiosrach amach ón zú. Nuair a théann eitleog i bhfostú i gcrann cé eile a bheadh ard go leor le teacht i gcabhair ar an úineir óg? Tá stíl agus draíocht ann a labhraíonn leis an leanbh laistigh – cuma cén aois atá ag an leanbh lasmuigh!

A silent book about a giraffe whose height comes in handy.

Puisín na mBróg by Fearghas Mac Lochlainn and illustrated by Paddy Donnelly (2–4, 5–7)

Is deacair do bheatha a shaothrú agus tú ag brath ar phuisín – bhuel, mura bhfuil caint, gliceas agus buataisí breátha aige, cosúil le laoch an scéil seo! Tá ceol agus rithim na filíochta ag croílár an leabhair. Tagann beocht ar na focail nuair a chloistear iad. Beidh tú sáite san áilleacht dhaite fhairsing a líonann achan spás le carachtair ollmhóra lán d’fhuinneamh.

This poetic picture book retells the tale of Puss in Boots, and matches the character's well-known charm and wit.

An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn by Aileen Crossley and translated by Eoghan Mac Giolla Bhríde (5–7)

Is pictiúrleabhar álainn draíochtúil é seo, scríofa ar nós litir ón dúlra le grá agus spreagadh a thabhairt do pháiste brónach. Téann Molaí agus a madra beag ar aistear agus tugann siad cuairt ar charachtair spraíúla eile ó dhúlra na hÉireann. Is féidir aistear na gcarachtar éagsúil ón scéal a leanúint le gach léamh lena scéalta beaga siúd a fheiceáil. Leabhar suaimhneach samhlaíoch i nGaeilge shaibhir Uladh.

Molaí is sad about the world, so Lus na mBan Sí brings her on an adventure in the natural world.

Níl Éisc le Trust by Neil Sharpson and illustrated by Dan Santat (5–7)

Ar thug tú riamh faoi deara go raibh rud éigin sleamhain faoi na héisc? Ní raibh dul amú ort! Leabhar grinn é seo, a thosaíonn amach amhail is gur leabhar eolais atá ann. Tá léaráidí lándaite breátha thíos tríd, go háirithe radharcanna na farraige, na héisc is na siorcanna ina measc. Tá Gaeilge bhinn ann nach mbeadh róchasta do léitheoirí neamhspleácha nó do léitheoirí ní b’óige le cúnamh.

This picture book will have adults and children laughing together as they learn an important lesson – Don't Trust Fish!

An Fia sa Choill by Sadhbh Devlin and illustrated Anastasia Melnykova (5–7, 8–10)

Is minic a léimid faoi Fhionn Mac Cumhaill sna scéalta Fiannaíochta, ach ní chloistear mórán faoina bhean chéile, Sadhbh. Is athinsint álainn é seo ar scéal rúndiamhrach Shadhbh. Tá gluaiseacht iontach tríd agus tá gach ní ann a mbeifeá ag súil leis ó scéal Fiannaíochta: an dúlra, ainmhithe, amhránaíocht, ceol na cruite, brionglóidí agus luibheanna. Níl spás ar bith curtha amú ag an ealaíontóir leis na pictiúir áille ildaite le stíl Cheilteach iontu. Ceann álainn don léitheoireacht os ard nó don léitheoireacht neamhspleách.

This retelling of an old Irish legend brings us to the moment when Fionn Mac Cumhaill met Sadhbh, who magically transforms from a deer into a woman.

Draíocht an Dúlra by Gráinne Holland and illustrated by Morgana Weeks (5–7, 8–10)

Déanann an leabhar ealaíonta ceolmhar seo ceiliúradh, ní hamháin ar an fhiántas agus an nádúr ach ar an fhéilire ársa Gaelach fosta. Is léir ó na hamhráin agus na léaráidí beoga go raibh i bhfad níos mó ná clár ama i gceist leis an fhéilire chéanna agus go raibh saolta ár sinsir fite fuaite leis an dúlra. Má osclaíonn tú an leabhar seo, tá seans maith ann go mbeidh tú féin spreagtha le do chorp agus do chroí a thumadh i lár coille mistiúla.

Celebrate the ancient Irish calendar and immerse yourself in the music of the natural world. (QR code included)

Mór agus Muilc by John Óg Hiudaí Neidí Ó Colla and illustrated by Kim Sharkey (5–7, 8–10)

Scéal béaloidis ó Ghaoth Dobhair atá sa leabhar seo. Pléann an scéal le téama teibí an bháis agus iarrachtaí éalú uaidh. Tugann Mór agus Muilc na cosa leo ag cur ceisteanna ar charactair éagsúla eile faoin mbás. Tá reacaireacht chiorclach in insint an scéil leis an léitheoir a mhealladh agus chun go rachaidh na ceisteanna móra i bhfeidhm ar an léitheoir ar leibhéil éagsúla. Tá an-tuiscint ann do shuíomh an scéil agus tá an fharraige mar chúlbhrat ag gach eachtra a thiteann amach ó thús deireadh.

A Donegal folktale about death and people's attempts to escape it.

Lúba by Alan Titley and illustrated by John White (8–10, 10–12)

Tá Lisa céasta ag a deartháir Boloch, imeallaithe ag a cara, agus tá gadaíocht curtha ina leith! Ní nach ionadh gur bhreá léi éalú. Tagann a peata Glafar i gcabhair uirthi agus nuair a leagann sí lámh air iompaíonn sí ina hainmhí eile. Tugann an t-athrú seo saoirse agus faoiseamh di ar feadh píosa, agus deis breathnú ar a saol trí shúile eile. Ach tar éis di tabhairt faoin aistear sin, tagann sí ar an tuiscint thábhachtach seo: ‘Is mise mé féin, sin uile!’.

Lisa wants to escape and turns into an animal, but she soon starts to miss being her old self.

About Children's Books Ireland

Children's Books Ireland is the national charity and arts organisation that champions every child's right to develop a love of reading. Their mission is to inspire a love of reading in children and young people on the island of Ireland, and to champion equitable access for all to excellent books.

Children's Book Ireland share their expertise and enthusiasm with the adults who guide and influence young readers and encourage schools and early childhood settings to build a positive culture of reading and reading aloud. They support and promote authors and illustrators and connect them with audiences through their work.

Standard gift cards
Gift cards

Give a gift beyond words

Give recipients of all ages the excitement of choosing a book as well as the joy of reading it.

Supporting reading for pleasure
About us

Thank you for helping us support reading for all!

By choosing National Book Tokens, you're supporting our work with literacy charities and prizes.

Discover Children's Books
Discover

Discover brilliant books for children

Browse book recommendations, activities and quizzes for young readers, plus win exciting prizes!

National Book Tokens Discover, the place to be for booklovers.

Sign up today and we'll enter you to win a £100/€120 National Book Token every month!